Forbhreathnú
- Ról: Tacaíonn ETF le forbairt an duine i dtíortha comharsanacha
- Stiúrthóir: Cesare Onestini
- Bliain a bhunaithe: 1994
- Líon na mball foirne: 130
- Suíomh: Torino na hIodáile
- Suíomh gréasáin: ETF
Mar chuid de chaidreamh seachtrach an Aontais Eorpaigh, cuidíonn an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) le tíortha atá comharsanach leis an Aontas a oiread leasa agus is féidir a bhaint as cumas agus scileanna a muintire trí athchóiriú a dhéanamh ar a gcórais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna agus ar mhargadh an tsaothair.
Gníomhaíochtaí
Tacaíonn ETF le 29 dtír chomhpháirtíochta (in Oirdheisceart na hEorpa agus sa Tuirc, in Oirthear na hEorpa, sa taobh ó dheas agus sa taobh thoir den Mheánmhuir agus san Áise Láir). Cuidíonn sé le ceapadh, cur i bhfeidhm agus measúnú beartas agus clár arb é is aidhm dóibh:
- an tsoghluaisteacht shóisialta agus an t-ionchuimsiú sóisialta a chur chun cinn
- athchóiriú a dhéanamh ar chórais oideachais agus oiliúna
- córais oiliúna a dhéanamh níos oiriúnaí do riachtanais mhargadh an tsaothair.
A bhuí leis sin, bíonn ETF ag tacú le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta beartais éifeachtacha fianaise-bhunaithe a cheapadh a chothaíonn rannpháirteachas agus leas na saoránach, a dhéanann nuachóiriú ar sholáthar gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus a chuireann an soláthar sin in oiriúint do riachtanais mhargadh an tsaothair, ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta araon.
Ina cheann sin, tacaíonn sé le cúnamh ón Aontas a chur ar fáil do na tíortha comhpháirtíochta, trí shainchomhairle a thabhairt i leith cheapadh, mhonatóireacht agus mheastóireacht bhearta an Aontais agus trí thacú le hidirphlé i dtaobh beartas.
Tá cuntas sa doiciméad seo atá eisithe ag an bhFondúireacht ar obair na fondúireachta.
Cé a bhaineann tairbhe as?
Oibrithe ag a bhfuil oiliúint agus scileanna: is dóchúla go bhfaighidh a leithéid d’oibrithe post ina dtír baile agus dá bharr sin gur lú an seans go mbainfidh an t-eisiamh sóisialta, an bhochtaineacht agus an imirce mhírialta dóibh.
Tíortha comhpháirtíochta: éiríonn siad níos rathúla agus níos cobhsaí, rud as a dtagann breis deiseanna trádála agus infheistíochta.
Ballstáit an Aontais: féadann na Ballstáit oibrithe cáilithe a earcú a tháinig chun na hEorpa ar shlí níos rialáilte, agus amhlaidh sin tá caoi acu sin bearnaí a dhúnadh sa mhargadh saothair arb é athruithe déimeagrafacha is cúis leo.
Féach freisin
Teagmháil
An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF)
- Ainm
- An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF)
- Suíomh gréasáin
- https://www.etf.europa.eu/ga/translated-content/documents/
- Uimhir ghutháin
- +39 011 630 22 22
- Uimhir facs
- +39 011 630 22 00
- Seoladh poist
Villa Gualino Viale Settimio Severo 65
10133 Torino TO
An Iodáil- Na meáin shóisialta